Tác giả : Clannad
Người đăng : administrator, 14 năm trước
I. 
Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair 
A stóirín gur dhearc mé uaim 
Ba deas do chos i mbróig 
'Sba ró-dheas do leagan siubhail. 
Do ghruaidh ar dhath na rósaí 
'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith 
Monuar gan sinn 'ár bpósadh 
Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail. 
 
II. 
Tá buachaillí na h-áite seo 
A' gartha 'gus ag éirghe teann 
Is lucht na gcochán árd 
A' deánamh fáruis do mo chailín donn 
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne 
Thar sáile 's a shlóighte cruinn 
Bhrúighfinn féar is fásach 
'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn. 
 
III. 
Ceannacht buaibh ar aontaigh' 
Dá mbínn agus mo chailín donn 
Gluais is tar a chéad-searc 
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn 
Go sgartar ó n-a chéile 
Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn 
Ní sgarfar sin ó chéile 
'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn. 
 
IV. 
Chuir mé leitir scríobhtha 
Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar 
Chuir sí chugam arís í 
Go rabh a croidhe istuigh i lár mo chléibh. 
Cum na h-eala is míne 
Ná'n síoda 's ná cluimh na n-éan 
Nach trom an osna ghním-se 
Nuair a smaoitighim ar a bheith 'sgaradh léi. 
 
V. 
'Sé chuala m/e Dé Domhnaigh 
Mar chómhrádh 'gabháil eadar mhnáibh 
Go rabh sí 'gabháil 'a pósadh 
Ar óigfhear dá bhfuil san áit. 
A stóirín glac mo chomhairle 
'S a' foghmhar seo fan mar tá 
'S cha leigim le 'bhfuil beo thú 
A stór nó 's tú mo ghrádh.